Ábhar Oidí 2022
Ranganna le múinteoirí le taithí agus fuinneamh den scoth
Tréimhse foghlama Gaeltachta na mac léinn sa gCeathrú Rua a chomhtháthú leis na Cúrsaí ar Mhúineadh na Gaeilge sa bhunscoil faoi stiúir.
Forbairt a dhéanamh ar scileanna teanga na mac léinn.
Díreofar ar chleachtadh a dhéanamh ar na scileanna teanga seo a leanas:
- Ceartusáid na Gaeilge idir labhairt agus scríobh: comhrá, foghraíocht, cur is cúiteamh, plé, láithriú foirmiúil, ceistiúcháin
- Forbairt a dhéanamh ar úsáid agus ar chruthú áiseanna foghlama agus teagaisc don seomra ranga bunscoile.
- Córas fuaimeanna na Gaeilge a léiriú ina gcuid cainte agus ina gcuid léitheoireachta
- Breis feasachta a léiriú maidir le gramadach agus comhréir na Gaeilge
- Cur síos a dhéanamh ar ghnéithe de chultúr comhaimseartha na Gaeltachta.
- Cur le cumas na mac léinn an Ghaeilge a shealbhú de réir a n-acmhainne d’fhonn a ngnó gairmiúil a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.
- Meon dearfach i leith na Gaeilge a chothú iontu a rachaidh i bhfeidhm ar a n-iompar teanga.
- Léargas a thabhairt dóibh ar éagsúlacht shaol na Gaeltachta idir theanga, litríocht, oidhreacht agus chultúr.
- Soláthar ar leith a dhéanamh d’ábhair oidí ar cainteoirí dúchais nó cainteoirí d’ardchaighdeáin iad.
Chomh maith le sin …
- Treoir maidir leis an bhFillteán Foghlama
- Ceardlanna agus imeachtaí spórt spraoiúla a bheidh tairbheach don seomra ranga bunscoile – sacar, peil, rugbaí, aclaíochta, yoga, cispheil agus go leor eile …
- Siúlóidí Dúlra agus oidhreachta/Tóraíocht Taisce
- Snámh agus snorcláil ar Thrá an Dóilín nó aon cheann do na tránna áille eile ar an gCeathrú Rua
- Ceardlanna agus Seisiúin Ceoil le ceoltóirí áitiúla – tabhair leat do chuid uirlisí má sheineann tú!
- Drámaíocht/Scéalaíocht/Scoraíochtaí
- Céilithe
- Tráth na gCeisteanna Boird